Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 23:14

An Bíobla Naofa 1981

agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Sea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ach le linn dó bheith ina shuí breithimh, chuir a bhean scéala chuige: “Scaoil tharat an fear cóir seo gan baint leis, óir ba mhór í m'fhulaingt i mbrionglóid inniu mar gheall air.”

Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.”

ag rá: “Ba pheaca dom fuil neamhchiontach a bhrath.” Ach dúirt siad sin: “Cad é sin dúinne? Féach féin chuige.”

An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”

Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann d'iarr siad ar Phioláit é a chur den saol.

Bhí na Giúdaigh seo ní ba leathanaigeanta ná Giúdaigh Theasaloinicé. Ghlac siad an briathar go fonnmhar agus bhídís gach lá ag cíoradh na scrioptúr féachaint an raibh an scéal mar a dúradh.

Ba é a leithéid sin d'ardsagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí