Agus tháinig Héaród agus Pioláit chun bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin.
Tháinig na Fairisínigh agus na Sadúcaigh chuige, agus d'iarr siad air, ag baint trialach as, comhartha ó na flaithis a thaispeáint dóibh.
Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.
“Is ea go deimhin, chuaigh Héaród agus Pointias Pioláit mar aon leis na ciníocha agus le pobal Iosrael i gcomhcheangal le chéile sa chathair seo féin in aghaidh do sheirbhísigh naofa, Íosa, tar éis duitse é a ungadh,