Tháinig lá an tSlimaráin nuair nárbh fholáir an cháisc a íobairt.
Sa chéad mhí, tráthnóna an cheathrú lá déag den mhí agus uaidh sin go dtí tráthnóna an aonú lá fichead, íosfaidh sibh arán gan ghabháile.
Ní foláir daoibh é a choimeád go dtí an ceathrú lá déag den mhí seo nuair a mharóidh comhthionól uile Iosrael a n‑uain idir dhá sholas tráthnóna.
Bhí féile an tSlimaráin, ar a dtugtar an Cháisc, in achmaireacht.
Thug sé a gheall, agus bhí ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh dóibh i leith ón slua.
Glanaigí amach an tseanghabháile ionas go mbeadh sibh in bhur dtaos úrnua gan gabháile ar bith ionaibh - agus is mar sin atá sibh, mar tá Críost, ár n‑uan Cásca, íobartha.