Agus i gcionn timpeall aon uaire amháin, dhearbhaigh duine eile á rá: “Is cinnte go raibh sé seo freisin in éineacht leis siúd, agus, rud eile de, is Gailíleach é.”
Agus d'iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.”