I gcionn tamaill bhig, chonaic duine eile é agus dúirt: “Is duine díobh sin tusa freisin.” Ach dúirt Peadar: “Ní hea, a dhuine!”
Ach shéan seisean é á rá: Níl aithne agam air, a bhean!”
Bhí Síomón Peadar ina sheasamh ansiúd á ghoradh féin. Dúirt siad leis: “Nach duine dá dheisceabail thusa chomh maith?” Shéan seisean é: “Ní hea,” ar sé.
Dúirt duine de sheirbhísigh an ardsagairt, gaol don duine ar bhain Peadar an chluas de: “Nach bhfaca mé thú sa ghairdín in éineacht leis?”