Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”
Ansin dúirt Íosa leo sin a bhí tagtha ina choinne, uachtaráin na sagart agus captaein an Teampaill agus seanóirí: “An amhlaidh is robálaí mé gur tháinig sibh amach i mo choinne le claimhte agus le bataí?
chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”