Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach.
Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.
Is mairg dóibh! óir d'imigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorae.