Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?”
Síneann gach aon neach a lámh in aghaidh a chairde; briseann sé a chonradh.
Créachta gan ghoimh a thugann cara; is iomadúil iad póga eascarad.
Le linn dó bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí Iúdás, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le Íosa chun é a phógadh.
Nuair a chonaic a mhuintir cad a bhí chucu, dúirt siad: “A Thiarna, an mbuailfimid buille chlaíomh?”