Ar éirí ina sheasamh dó ón nguí, tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad le barr dobróin,
Tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt le Peadar: “An ea nár fhéad sibh, mar sin, faire aon uaire a dhéanamh liom?
Tháinig sé arís agus fuair ina gcodladh iad, mar bhí a súile trom.
Agus tháinig sé agus fuair ina gcodladh iad, agus dúirt sé le Peadar: “A Shíomóin, an i do chodladh atá tú? Nár fhéad tú faire aon uaire a dhéanamh?
Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.
agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachadh sibh i gcathú.”