Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.
Sibhse uile a thriallann thar bráid, breathnaígí agus féachaigí an bhfuil aon bhrón mar mo bhrónsa - mar an gcumha atá ag criathairt mo chroí, a chuir an Tiarna féin orm, ar lá a dhíbheirge fíochmhaire.
Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.