Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.”
Dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, roimh ghlaoch don choileach anocht féin, séanfaidh tú mé faoi thrí.”
Ansin a thosaigh sé ag eascaine agus ag tabhairt na mionn: “Níl aithne agam ar an duine.” Agus ghlaoigh an coileach láithreach.
Agus dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.”
Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leatsa chun príosúin agus fós chun báis.”
Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”
Agus d'iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.”
D'fhreagair Íosa: “An dtabharfaidh tú d'anam ar mo shon? Amen, Amen, a deirim leat ní ghlaofaidh an coileach sula séanfaidh tú mé trí huaire!
Shéan Peadar arís é, agus ghlaoigh an coileach láithreach.