ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus bheith in bhur suí i ríchathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.
Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.
Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.
Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann. Deirim libh go fírinneach, fáiscfidh sé crios faoi agus cuirfidh ina suí chun boird iad agus rachaidh thart ag freastal orthu.
An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.
Bhí ceithre ríchathaoir fichead mórthimpeall na ríchathaoireach agus ceathrar seanóirí fichead ina suí sna ríchathaoireacha, iad gléasta in éidí geala agus corónacha óir ar a gceann.