Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.
Ullmhóidh Tiarna na Slua ar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léir cóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta, de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;
Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce; fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí; Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as, agus fíon agus bainne gan íoc.
Cosnóidh Tiarna na Slua iad; dísceoidh siad [a naimhde] agus gabhfaidh siad de chosa sna clocha tabhaill. Ólfaidh siad agus tógfaidh siad racán, faoi mar a bheadh siad ar meisce le fíon; beidh siad chomh lán le babhla íobartha chomh smeartha le cúinní altóra.
Nach maith an bhail a bheidh orthu go deimhin! Nach álainn a bheidh siad! Cuirfidh arbhar bláth ar na hógánaigh agus cuirfidh fíon nua maise ar na maighdeana.
Agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.”
Ach d'fhreagair an fhiniúin iad: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise m'fhíon A chuireann áthas croí ar Dhia agus ar dhaoine D'fhonn bheith i réim ar na crainn?’