Leanaigí é agus cibé áit a dtéann sé isteach, abraigí le fear an tí ‘Deir an máistir: Cá bhfuil mo sheomra aíochta go n‑ithinn an cháisc in éineacht le mo dheisceabail?’
Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”
Dúirt sé leo: “Ag dul isteach sa chathair daoibh, féach, beidh duine ag teacht faoi bhur ndéin agus próca uisce aige á bhreith leis. Leanaigí isteach é sa teach ina mbíonn sé ag dul,
Seo mé i mo sheasamh ag an doras, agus ag bualadh air; má chloiseann aon duine mo ghuth agus an doras a oscailt dom, tiocfaidh mé isteach chuige agus beidh bia agam fairis agus aigesean faramsa.