Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 21:9

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ní chuirfidh drochscéala eagla air; is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.

“Ná tabhair comhcheilg ar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air; an ní is eagal leo, ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.

Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta.

Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.”

Dúirt sé: “Bígí aireach agus ná cuirtear amú sibh; óir tiocfaidh mórán i m'ainmse ag rá: ‘Is mise é’; agus: ‘Tá an t‑am in achmaireacht.’ Ná téigí ina ndiaidh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí