Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 21:6

An Bíobla Naofa 1981

“A bhfuil le feiceáil ansin agaibh - tiocfaidh na laethanta nach bhfágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

“Thairngir Míocá an Móirisiteach i laethanta Hiziciá rí Iúdá,” a dúirt siad, “agus ba é a dúirt sé le muintir uile Iúdá: ‘Mar seo a deir an Tiarna: Déanfar fearann treafa de Shíón, agus carnán bruscair de Iarúsailéim, beidh cnoc an Teampaill ina ardán coillteach.’

déanfaidh mise an Teampall seo cosúil le Sileo, agus déanfaidh mé an chathair seo ina mallacht do chiníocha uile an domhain.’ ”

Cad chuige ar thairngir tú in ainm an Tiarna á rá: ‘Beidh an Teampall seo cosúil le Sileo, agus beidh an chathair seo uaigneach agus gan áitreabhach’?” Agus bhí an pobal uile ag plódú thart ar Irimia i dTeampall an Tiarna.

Ochón! Nach murtallach a d'éirigh an t‑ór! Cad é mar a d'athraigh an mínór agus mar atá clocha an tsanctóra scaipthe ag cúinne gach sráide!

toisc go bhfuil Sliabh Shíón treascartha tréigthe agus go mbíonn seacáil ag smúrthacht thart ann.

Dá dheasca sin déanfar gort treafa de Shíón agus fothrach de Iarúsailéim agus ardán crannach de Shliabh an Teampaill mar gheall oraibhse.

Oscail do gheataí, a Liobáin, chun go loiscfidh an tine do chéadrais.

Is amhlaidh a chruinneoidh mé na náisiúin uile le chéile in aghaidh Iarúsailéim chun cogadh a chur uirthi; gabhfar an chathair, creachfar na tithe; éigneofar na mná agus imeoidh leath na cathrach ar deoraíocht. Ach ní dhíothófar an leath eile de mhuintir na cathrach ar aon chor.

Ach dúirt sé leo á bhfreagairt: “An bhfeiceann sibh iad sin uile? Deirim libh go fírinneach, ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche anseo nach leagfar ar lár.”

Dúirt Íosa leis: “An bhfeiceann tú na foirgnimh mhóra seo? Ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”

D'fhiafraigh siad de ansin: “Más ea, a Mháistir, cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cad is comhartha ar na nithe sin a bheith ag teacht?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí