Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
mar gheall air seo - a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael - ní bheidh sliochtach fireann in easnamh ar Iónádáb mac Raecáb chun seasamh i mo láthairse go brách.’ ”
“Bíodh a fhios agaibh é seo, áfach: dá mb'eol don fhear tí cén t‑am san oíche a dtiocfadh an bithiúnach, bheadh sé ag faire agus ní ligfeadh sé ballaí a thí a réabadh.
Dúirt an t‑aingeal leis á fhreagairt: “Mise Gaibriéil a sheasann i láthair Dé, agus cuireadh mé chun labhartha leat, agus na dea-scéala seo a thabhairt duit.
Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.
mar go bhfuil a fhios againn, an té úd a thóg an Tiarna Íosa ó mhairbh, go dtógfaidh sé sinne mar aon le Íosa, agus go seolfaidh sé sinne agus sibhse araon ina láthair.
Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.
Agus anois, a chlann liom, mairigí ann ionas nuair a fhoilseofar é go mba lánmhuiníneach sinn as, in ionad a bheith náirithe agus sinn deighilte uaidh ar theacht dó.
Ina dhiaidh sin b'shiúd an mathshlua mór nárbh fhéidir d'aon duine a chomhaireamh as gach cine agus treibh agus pobal agus teanga; bhí siad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, iad gléasta in éidí geala agus craobhacha pailme acu ina lámha.