Amhlaidh sin daoibh nuair a fheicfidh sibh na nithe úd ag teacht, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.
“Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”
Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan gach uile ní a bheith tagtha chun cinn.
“I gceann tamaillín bhig eile tiocfaidh an Té atá le teacht agus ní dhéanfaidh sé moill.
Ná déanaigí casaoid ar a chéile ionas nach dtabharfar breith oraibh; féach, tá an breitheamh cheana féin i mbéal an dorais.
Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.