Ansin, iad seo a bheidh in Iúdáia, teithidís faoi na sléibhte; iad seo a bheidh sa chathair, imídís aisti; iad seo a bheidh ar an tuath, ná téidís isteach inti;
Á dtreorú amach dóibh dúirt sé: “Rith le d'anam! Ná féach i do dhiaidh agus ná stad in aon áit sa mhachaire. Teith chun na gcnoc le heagla do bhasctha.”
Ach tharla, nuair a d'ionsaigh Nabúcadnazar rí na Bablóine an tír seo, go ndúramar: Tagaigí! téimis suas go Iarúsailéim ar eagla slua na gCaildéach agus slua Árám.’ Is mar sin a chuireamar fúinn in Iarúsailéim.”
Teithigí le bhur n‑anam a chlann Bhiniáimin as lár Iarúsailéim Séidigí an stoc i dTeacóa, ardaígí bratach i mBéit hac Ceirim! Óir tá tubaiste ag bagairt as an Tuaisceart, díobháil mhór.
Dúirt sé leis an gcomhthionól: “Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.”
Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.