Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 21:16

An Bíobla Naofa 1981

Tabharfar ar láimh sibh ag bhur dtuismitheoirí féin, fiú amháin, ag bhur ndeartháireacha, ag bhur ngaolta, ag bhur gcairde, agus básófar cuid agaibh,

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

“Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”

Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara; ná taobhaigh le do dheartháir, mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir, is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.

Tabharfaidh an deartháir a dheartháir féin suas chun báis, agus an t‑athair a pháiste féin; éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí agus básóidh siad iad.

Tabharfaidh an deartháir a dheartháir suas chun báis, agus an t‑athair a mhac; éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí agus cuirfidh siad chun báis iad.

athair le mac agus mac le hathair, máthair le hiníon agus iníon le máthair; máthair chéile le bean a mic, agus bean mhic le máthair a céile.”

óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.

agus beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse;

Chuir sé Séamas deartháir Eoin chun báis leis an gclaíomh.

Fad a bhí siad á chlochadh bhí Stiofán ag glao os ard á rá: “A Thiarna Íosa, glac chugat m'anam.”

Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.

Is eol dom cá bhfuil cónaí ort, mar a bhfuil ríchathaoir Shátain; agus coinníonn tú m'ainm agus níor thréig tú do chreideamh ionam fiú i laethanta Aintipeas, an finné dílis liom a cuireadh chun báis ar an mbaile agaibh, mar a bhfuil cónaí ar Shátan.

Nuair a d'oscail sé an cúigiú séala, chonaic mé faoin altóir a n‑anmacha uile úd a maraíodh ar son bhriathar Dé agus ar son na fianaise a thug siad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí