Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.
Táid i ngreim ina chéile, I dtreo go bhfuil siad go dlúth ina n‑aonad.
beidh cuairt agat ó Thiarna na Slua, le toirneach, le torann agus le fuaim ollmhór, le doineann agus le hanfa agus lasair de thine loiscneach
Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta, agus beidh gortaí agus plánna agus maidhmeanna talún anseo is ansiúd.
Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta.
Ach roimh an méid sin uile, leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m'ainmse.