Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 21:10

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé leo ansin: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Dreasóidh mé na hÉigiptigh in éadan a chéile, beidh siad ag troid bráthair in aghaidh bráthar, cara in aghaidh carad, baile in aghaidh baile, ríocht in aghaidh ríochta.

Ar an lá sin, cuirfidh an Tianna scaoll orthu. Béarfaidh gach duine greim láimhe ar a chomharsa agus ardóidh siad a lámha in aghaidh a chéile.

Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna talún anseo agus ansiúd; beidh gortaí. Ní bheidh sa mhéid sin ach na harraingeacha tosaigh.

Beidh maidhmeanna móra talún ann, agus gortaí agus plánna anseo is ansiúd; beidh tuartha uafáis ann agus comharthaí móra ón spéir.

Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar cheannaircí, ná glacaigí scéin, óir ní foláir na nithe sin a theacht ar dtús, ach ní bheidh an deireadh ann chomh luath sin.”

D'éirigh duine acu darb ainm Agabas agus thug sé le fios faoi luí an Spioraid go raibh gorta mór le teacht ar an domhan iomlán - rud a tharla in aimsir Chlauidias.

Taispeánann an abairt “uair amháin eile” go dtógfar chun siúil na nithe a mbaintear croitheadh astu, mar gur mar sin a cruthaíodh iad, ionas go bhfanfaidh na nithe atá dochroite.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí