Agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Dúirt seisean leo mar an gcéanna: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
agus is é freagra a thug siad ar Íosa: “Níl a fhios againn.” Agus dúirt Íosa leo: “Nílimse chun a insint daoibhse ach oiread, cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh.”
Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.