Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
Cén ceangal atá ag teampall Dé le déithe bréige? Mar is teampall Dé bheo sinne, de réir mar atá ráite ag Dia féin: “Cónóidh mé agus siúlfaidh mé ina measc, beidh mé i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.
Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh a bhí siad ag tnúth le tír níos fearr, is é sin le rá, le tír neamhaí. Sin é an fáth nár náir le Dia go dtabharfaidís a nDia air mar bhí cathair ullamh aige dóibh.