Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.
Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo: “Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.
Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.
Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.”
Is léiriú é sin ar bhreithiúnas cothrom Dé, mar is é a thiocfaidh as go mbeidh sibhse i dteideal ríocht Dé a bhaint amach toisc sibh a bheith ag fulaingt ar a son;
Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n‑aiséireoidís chun beatha níos fearr.