Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 20:25

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt sé leo: “Íocaigí le Céasar, mar sin, na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí, agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.

Ach le heagla go dtabharfaimis scannal do na daoine seo, téigh síos chun na farraige agus caith amach duán, agus an chéad iasc a thiocfaidh aníos tóg é agus nuair a osclóidh tú a bhéal gheobhaidh tú státar ann. Tóg é sin agus íoc leo mo tháillese agus do tháille féin.”

“Céasar,” ar siad leis. “Maith go leor,” ar seisean leo, “íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar agus le Dia na nithe is le Dia.”

Dúirt Íosa leo: “Íocaigí le Céasar na nithe is le Céasar, agus le Dia na nithe is le Dia.” Bhain an freagra sin dá mboinn iad le hionadh.

“Taispeánaigí dom déanar. Cé hé a bhfuíl a íomhá air agus a inscríbhinn?” Dúirt siad: “Céasar.”

D'fhreagair Peadar agus na haspail eile: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.

Ná cuirigí as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh ná d'eaglais Dé.

Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí