Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 20:20

An Bíobla Naofa 1981

Ansin, ag faire na faille dóibh, chuir siad brathadóirí chuige a ligfeadh orthu bheith ina bhfíréin, chun go mbéarfaidís air ina chaint, ionas go dtabharfaí suas é do smacht agus d'údarás an ghobharnóra.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: “Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá;

Seachnaíonn mo chomhluadar is mo chairde mé, agus fanann mo ghaolta i bhfad uaim, mar gheall ar mo chréachtaí.

Abraigí le Dia: “Nach éachtach iad d'oibreacha! Tá de mhéid do nirt, a Thiarna, go mbíonn do naimhde ag lútáil i do láthair.

chuirfinn a naimhde faoi chois gan mhoill; agus dhéanfainn a n‑eascairde a threascairt.

11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”

“Téanaigí,” a dúirt siad, “déanaimis cogar ceilge i gcoinne Irimia; ní bheidh ganntanas teagaisc ar an sagart dá uireasa, ná ní imeoidh comhairle ar an eagnaí, ná an briathar ar an bhfáidh. Téanaigí, buailimis é lena theanga féin; éistimis le gach focal dá dtagann as a bhéal.”

Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”

Tar éis dóibh é a cheangal, sheol siad leo é á thabhairt ar láimh do Phioláit an gobharnóir.

agus bhíodar ag faire air féachaint an leigheasfadh sé é lá na sabóide chun go gciontóidís é.

iad in oirchill air chun greim a fháil ar fhocal éigin as a bhéal.

Chuir siad ceist air: “A Mháistir,” ar siad, “tá a fhios againn go labhraíonn tú agus go múineann tú an ceart, agus gur cuma leat duine seachas a chéile, ach tú ag múineadh slí Dé de réir na fírinne.

Agus níor fhéad siad breith air i bhfocal ar bith i bhfianaise an phobail, agus, ó b'ionadh leo a fhreagra, d'fhan siad ina dtost.

Le teann sainte tiocfaidh siad i dtír oraibh le briathra éithigh. Ach tá an daorbhreith orthu siúd á hullmhú ó anallód agus níl codladh ag dul ar a ndrochíde.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí