Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 20:2

An Bíobla Naofa 1981

agus dúirt an méid seo leis: “Inis dúinn cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé hé seo a thug an t‑údarás sin duit?”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”

Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí,

Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tá ceist agamsa le cur oraibhse freisin: insígí dom:

D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”

An fear a bhí ag déanamh na héagóra ar a chomharsa, bhrúigh sé Maois uaidh á rá: ‘Cé a cheap thusa i do cheann urra agus i do bhreitheamh orainn?

“Nach ceanndána an dream sibh agus nach stuacach atá bhur gcroí agus bhur gcluasa? Bíonn sibh ag cur in aghaidh an Spioraid Naoimh de shíor mar a dhéanadh bhur sinsir romhaibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí