Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 20:17

An Bíobla Naofa 1981

Ach bhreathnaigh sé orthu agus dúirt: “Murab ea, cad is ciall leis an rud úd atá scríofa: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne di ceann an chúinne’?

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinne ceann an chúinne di.

Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.

Is uaidh a thiocfaidh an chloch chúinne agus an pionna botha, an bogha cogaidh agus gach ceannasaí.

Seo í an chloch atáimse a chur ar Iósua; tá seacht ngrua ar an aon chloch amháin seo agus greanfaidh mé féin an inscríbhinn uirthi, a deir Tiarna na Slua, agus glanfaidh mé urchóid na tíre seo di in aon lá amháin.

Dúirt Íosa leo: “Nár léigh sibh riamh sna scrioptúir: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne; obair an Tiarna é seo agus is iontach inár súile é’?

Bhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail: “Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!”

Nár léigh sibh an scrioptúr seo: ‘An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh di ceann an chúinne;

Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.

Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,

Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”

Agus d'iompaigh an Tiarna agus bhreathnaigh ar Pheadar. Chuimhnigh Peadar ansin ar bhriathar an Tiarna, mar a dúirt sé leis: “Roimh ghlaoch don choileach inniu, séanfaidh tú mé faoi thrí.”

Ansin dúirt sé leo: “Is iad seo na focail a labhair mé libh agus mé fós in bhur gcuideachta: ‘Ní foláir na nithe uile a chomhlíonadh atá scríofa mar gheall orm i ndlí Mhaois agus sna fáithe agus sna sailm.’ ”

Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ‘Thug siad fuath dom gan chúis.’

Is é seo ‘an chloch dar dhiúltaigh sibhse, na saoir, agus a ndearnadh di ceann an chúinne,’

Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige.

Uime sin tá seo sa scrioptúr: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch chúinne thofa luachmhar. An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí