Agus bhí Íosa ag dul ar aghaidh in eagna agus i bpearsa agus i ngrásta i láthair Dé agus daoine.
Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh sa spiorad, agus chónaigh sna fásaigh go dtí an lá ar fhoilsigh é féin d'Iosrael.
Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.
An té a dhéanann seirbhís do Chríost ar an gcuma sin bíonn gean air ag Dia agus gnaoi air ag daoine.
Idir an dá linn bhí an leanbh Samúéil ag dul ar aghaidh i bpearsa agus i ngrásta i láthair an Tiarna agus i láthair daoine.