Agus bhí banfháidh ann freisin, Anna iníon Fanuéil, de threibh Áiséar, í anonn i mblianta móra: mhair sí seacht mbliana ag a fear céile tar éis a hóghachta.
Chuaigh Hilcíá, an sagart, agus Aichíceám, agus Seáfán, agus Asáiá go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealúm mac Thicveá mac Harchas, coimeádaí na n‑éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim, sa bhaile nua), agus chuir siad an scéal faoina bráid.
Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.
Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.
Dá chionn sin ní mór don uachtarán a bheith gan cháim agus gan bheith pósta ach aon uair amháin; a bheith measartha, stuama, staidéartha, a bheith fial fáilteach agus in ann chun múinte;