Sa lá sin, beidh beangán ó fhréamh Ieise ina sheasamh mar chomhartha do na ciníocha. Beidh na náisiúin ag dul ina mhuinín agus beidh a áit chónaithe faoi mhaise agus faoi ghlóir.
“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
déarfaidh mé leis na cimí: “Amach libh!” agus leo siúd atá sa dorchadas: “Amach go bhfeicimid sibh!” Ar na bealaí go léir beidh siad ag iníor, ar gach dumhach ghainimh gheabhaidh siad féarach.
Tugaigí aird orm, a chiníocha; a náisiúna, cuirigí cluas oraibh le héisteacht liom. Óir is uaimse a thagann an reacht agus beidh mo bhreithiúnas ina sholas do na ciníocha.
Ní bheidh an ghrian mar sholas agat feasta sa lá ná loinnir ghealaí le teacht na hoíche. Is é an Tiarna a bheidh agat ina sholas síoraí agus do Dhia ina bharr maise ort.
Chuir tú go mór lena n‑áthas, mheadaigh tú ar a lúcháir; tá siad ag déanamh gairdis os do chomhair, mar a dhéanann in aimsir an fhómhair, amhail an gairdeas lena roinntear an chreach.