mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil
Táim ag súil le do shlánú, a Thiarna Dia.
Bím ag súil le do chúnamh slánaithe, a Thiarna; agus comhlíonaim d'aitheanta.
Santaím do shlánú, a Thiarna; agus is aoibhinn liom do dhlí.
“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”
Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.
atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile:
agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’ ”
“Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.”