Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 2:29

An Bíobla Naofa 1981

“Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna, de réir d'fhocail, faoi shíocháin,

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Maidir leat féin, imeoidh tú chun d'aithreacha i síocháin; beidh aois mhór agat ag dul faoin gcré duit.

Dúirt Iosrael le Iósaef: “Níor chás liom bás a fháil anois de bhrí go bhfaca mé do ghnúis agus go bhfuil a fhios agam gur beo duit fós.”

Féach an fíréan, tabhair do d'aire an duine ionraic, óir beidh sliocht ag fear na síochána;

Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.

ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:

Táim i gcás idir dhá chomhairle: tá fonn orm síothlú liom agus bheith fara Críost, mar ba é ba fhearr go mór.

Ansin chuala an guth ó na flaithis á rá: “Scríobh: Is beannaithe na mairbh a fhaigheann bás sa Tiarna, as seo amach.” “Is beannaithe go deimhin,” a deir an Spiorad, “i dtreo go scuirfidh siad dá saothar mar tá a n‑oibreacha á leanúint.”

Agus ghlaoigh siad de ghuth ard: “A Thiarna uasail, atá naofa fírinneach, cá fada go ndéana tú breithiúnas agus díoltas ar son ár gcuid fola ar áitritheoirí an domhain?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí