Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 2:27

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí,

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Ansin ghlac mé scríbhinn an cheannaithe agus é séalaithe de réir an dlí mar aon lena cóip oscailte,

Ansin, seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad le promhadh ag an diabhal.

Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna -

ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:

Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca.

Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.”

Agus chuaigh sé síos in éineacht leo agus tháinig go Nazarat, agus bhí sé faoina smacht. Agus thaiscigh a mháthair go dílis na nithe seo uile ina croí.

Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é

Bhí Peadar fós ag machnamh ar an bhfís nuair a dúirt an Spiorad leis: “Féach, tá fir do do lorg.

Dúirt an Spiorad liom gan aon cheist a bheith orm ach imeacht lena gcois. Tháinig an seisear bráithre seo in éineacht liom agus chuamar isteach i dteach an fhir úd.

Ar theacht dóibh go dtí teorainn Mhisia, bhí siad ag iarraidh dul isteach i mBitinia ach ní ligfeadh Spiorad Íosa ann iad.

Labhair an Spiorad le Pilib: “Gabh suas chun an charráiste agus siúil lena thaobh.”

Ach nuair a tháinig iomláine na haimsire, sheol Dia uaidh a mhac, a rugadh ó bhean agus é faoi smacht an dlí,

Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,

Rug sé leis isteach i bhfásach ansin mé faoi luí an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ina suí ar bheithíoch craorag, agus eisean breac le hainmneacha diamhasla agus seacht gceann air agus deich n‑adharc.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí