“Labhair le clann Iosrael á rá: Má ghabhann bean gin agus go mbeireann sí mac, bíodh sí neamhghlan ar feadh seacht lá, faoi mar is neamhghlan í le linn a cúrsaí míosa.
Mura bhfuil sé d'acmhainn aige péire colm nó dhá ghearrcach colúir a thabhairt, ansin tugadh sé deachú éafá de phlúr mar íobairt ar son an pheaca a rinne sé; ná cuireadh sé ola ann, ná túis chumhra air, mar is íobairt pheaca é.
Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libhse, d'fhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineachtsan.