Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 2:20

An Bíobla Naofa 1981

Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, ó aois go haois go brách. Agus go gcana na daoine go léir: Amen! Amen! Alleluia!

Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.

Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá; as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann.

Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá, as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,

Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís, agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,

Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d'údarás do dhaoine.

Agus bhíodh sé ag seanmóir á rá: “Tá ag teacht i mo dhiaidh an té atá níos treise ná mé, agus ní fiú mé cromadh síos chun iall a chuarán a scaoileadh.

Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.

Nuair a chuala siad an méid sin, d'éist siad agus thug glóir do Dhia á rá: “Thug Dia, más ea, aithrí chun na beatha do na Gintlithe chomh maith.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí