Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 2:16

An Bíobla Naofa 1981

Agus d'imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.

Chuir Muire chun bóthair sna laethanta sin agus d'imigh go deifreach faoi dhéin na gcnoc go dtí cathair in Iúdá,

D'imigh na teachtairí agus fuair siad de réir mar a dúirt sé leo.

Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”

Agus nuair a d'imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d'inis an Tiarna dúinn.”

Agus ar a fheiceáil dóibh, d'inis siad an ní a dúradh leo mar gheall ar an leanbh seo.

agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.

D'imigh siad agus fuair siad de réir mar a bhí ráite aige leo, agus d'ullmhaigh an cháisc.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí