Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.
Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,
Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”
agus deiridís leis an mbean: “Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.”
Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost - an té atá ina Thiarna ar chách uile.
ag léiriú agus ag cruthú dóibh as fianaise na scrioptúr nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost agus go n‑éireodh sé ó mhairbh. “Agus,” ar seisean, “Íosa seo atáimse a fhógairt daoibh, is é sin an Meisias.”
Agus ní hé sin amháin é ach áirím gur caillteanas gach uile ní le hais an bhua thar barr atá faighte agam: aithne a chur ar Íosa Críost, mo Thiarna. Ar mhaithe leis sin ligeas an t‑iomlán ar ceal, agus tuigtear dom nach raibh ann ach truflais, le go ndéanfainn Críost a ghnóthú