Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 19:47

An Bíobla Naofa 1981

Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Bhí sé tar éis teacht isteach sa Teampall agus bhí sé ag teagasc nuair a tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige agus dúirt siad: “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, agus cé thug an t‑údarás sin duit?”

An uair sin féin dúirt Íosa leis na buíonta: “An robálaí mé gur ghluais sibh amach mar seo le claimhte agus le bataí chun breith orm? Bhínn i mo shuí sa Teampall gach lá ag teagasc agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.”

Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.

Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.

Bhí an Cháisc agus féile an tSlimaráin faoi cheann dhá lá, agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag cuardach, féachaint conas a dhéanfaidís Íosa a ghabháil trí cheilg agus é a chur chun báis;

Bhínn in bhur measc gach lá ag teagasc sa Teampall agus ní dhearna sibh mé a ghabháil.

ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.

Agus b'fhonn leis na scríobhaithe agus le huachtaráin na sagart a lámha a leagan air an uair sin féin ach eagla an phobail a bheith orthu; óir bhí a fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal úd.

Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil ansin, ach d'éalaigh sé óna lámha.

D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.

Nár thug Maois an dlí daoibh? agus ní chomhlíonann aon duine agaibh an dlí. Cad chuige daoibh a bheith ag iarraidh mé a chur chun báis?”

Ba mhian le cuid acu é a ghabháil, ach níor chuir aon duine lámh ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí