Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 19:43

An Bíobla Naofa 1981

Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Is amhlaidh a bhí cathair bheag ann tráth agus gan morán áitritheoirí inti. Rinne rí cumhachtach áirithe ionsaí uirthi; chuir sé faoi imshuí í agus thóg sé sásanna móra léigir ina haghaidh.

Mar sin, seo é briathar an Tiarna i dtaobh rí na hAsaíre: Ní thiocfaidh sé sa chathair seo isteach, saighead ní scaoilfidh sé inti, sciath ní ardóidh sé ina coinne, Ní thógfaidh sé múr léigir ina haghaidh.

Maróidh sé d'iníonacha leis an gclaíomh ar tír mhór; déanfaidh sé balla léigir i do choinne, tógfaidh sé móta cré i do choinne agus caithfidh suas sciath chosanta i do choinne.

Cuir léigear uirthi ansin, tóg balla léigir ina coinne, ardaigh móta cré ina coinne, tóg campaí ina coinne, agus dírigh reithí cogaidh ina coinne mórthimpeall.

Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.

ag rá: “Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí