Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.
Abair leo: ‘Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - ní mian liomsa bás an chiontaigh ach go n‑iompódh sé óna bhealaí agus go mairfeadh sé. Filligí, filligí ó bhur ndrochbhealaí. Cad chuige bhur ndúil sa bhás, a mhuintir Iosrael?’
nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”
Sin é an teachtaireacht a chuir sé go dtí clann Iosrael nuair a d'fhógair sé dea-scéal na síochána dóibh trí Íosa Críost - an té atá ina Thiarna ar chách uile.
Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.
Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!