Is ea, éireoidh an Tiarna mar a d'éirigh sé ar shliabh Parazaím; tiocfaidh riastradh air mar a tháinig i ngleann Ghibeón chun a ghníomh a chur i gcrích - agus is ait an gníomh é! - chun a shaothar a shaothrú - agus is aduain an saothar sin!
Mura n‑éisteann sibh leis an rabhadh seo, caoinfidh mé go haonraic bhur n‑uabhar, líonfaidh mo shúile le deora, mar go bhfuil tréad an Tiarna á dtabhairt i mbraighdeanas.
Ach maidir liomsa, níor spreag mé riamh thú chun an oilc, ní mó ba mhian liom an lá mairgneach, tá a fhios seo agatsa; ní raibh an rud a tháinig as mo bhéal i bhfolach ort.
Cad é mar a thabharfainn suas thú, a Eafráim! Cad é mar a thréigfinn thú, a Iosrael! Nach beag a thabharfadh orm íde Admá a imirt ort, agus tú a dhéanamh cosúil le Zabóím! Ach ní bhfaighinn ó mo chroí a dhéanamh, mar gur ghabh trua duit mé.