Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 19:4

An Bíobla Naofa 1981

Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

D'fhág an rí go raibh airgead chomh coitianta céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.

bhí Bál Hánán ó Gheadaer ina mhaor ar na crainn olóige agus siceamair, ar na hísleáin; bhí Ióáis ina mhaor ar na stórais ola;

D'fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim, agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.

D'fhág an rí go raibh airgead chomh coiteann céanna le clocha in Iarúsailéim agus céadair chomh flúirseach le seiceamair na nÍsleán.

Mhill sé a bhfíniúna le clocha sneachta agus mhill a gcrainn bhána leis an sioc.

Ach tá an Tiarna ag dreasú a naimhde i gcoinne an phobail seo, tá sé ag gríosú a gcéilí comhraic:

Dúirt Amós le hAmaiziá á fhreagairt: “Ní fáidh mé ná mac fáidh, ach aoire agus coimeádaí seiceamar;

Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.

bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa.

Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”

Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí