Agus nuair a bhí sé ag teacht i ngar do Bhéatfaigé agus do Bhéatáine, i dtreo an chnoic ar a dtugtar Ola-Choill, chuir sé uaidh beirt de na deisceabail, ag rá:
Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas.
“Téigí isteach sa bhaile thall, agus ag dul isteach ann daoibh, gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach raibh duine ar bith riamh ar a mhuin; scaoiligí agus tugaigí libh é.
Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d'áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,