Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 19:18

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.’

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Ach an duine a ghlac an síol ar an talamh maith, sin é an duine a chluineann an briathar agus a thuigeann é; agus tugann sé sin toradh uaidh gan teip, faoi chéad nó faoi sheasca, nó faoi thríocha de réir mar a bhíonn.”

Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d'fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’

Agus iad seo a ghlac an síol ar an talamh maith, is iad seo na daoine a chluineann an briathar agus a ghabhann chucu é, agus a thugann toradh uathu faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”

Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’

Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”

Dúirt sé leis sin chomh maith: ‘Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.’

Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí