Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, d'fhág tú cúig thallann ar iontaoibh agamsa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’
Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d'fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’
Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t‑aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh;
Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, leanadh sé mé, agus an áit ina mbímse, is ann a bheidh mo fhriothálaí chomh maith. Má dhéanann aon duine friothálamh ormsa, tabharfaidh m'Athair onóir dó.
Cé atáim ag iarraidh a mhealladh chugam anois, daoine nó Dia? An daoine a shásamh is mian liom? Dá mba daoine a bhí mé ag iarraidh a shásamh, ní i mo sclábha ag Críost a bheinn.
Síomón Peadar, seirbhíseach agus aspal le hÍosa Críost, do chách a fuair creideamh ar chomhchéim linne i bhfíréantacht ár nDé agus ár Slánaitheora, Íosa Críost.