Is lena linn a d'atóg Híéil ó Bhéitéil Ireachó. Dhíol sé a chéadghin, Aibíorám, mar cháin ag leagan a mháithreacha, agus Sagúb, an mac ab óige leis, ag tógáil a gheataí, faoi mar a thairngir an Tiarna trí Iósua mac Nún.
Agus tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó dó fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair.
Sheol Iósua mac Nún beirt fhear faoi choim ó Shitim mar spiairí á rá leo: “Ar aghaidh libh, breathnaígí an dúiche, go háirithe Ireachó.” Ar aghaidh leo agus chuadar isteach i dteach striapaí darbh ainm Rácháb, agus chuireadar fúthu ann.