Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Lúcás 18:39

An Bíobla Naofa 1981

Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b'amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Salm le Dáiví. 1 Glaoim ort, a Thiarna, fóir orm gan mhoill; éist le mo ghlór nuair a ghlaoim ort.

“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaigí, agus gheobhaidh sibh; buailigí, agus osclófar daoibh.

Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.

Nuair a bhí Íosa ag imeacht leis as sin, lean beirt dhall é agus iad ag screadach amach: “Déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”

Is mairg daoibh, dlíodoirí, óir rug sibh libh eochair an eolais; ní dheachaigh sibh féin isteach, agus iad seo a bhí ag dul isteach, chuir sibh cosc leo.

Dúirt sé parabal leo á chur i gcéill nárbh fholáir dóibh bheith ag guí de ghnáth gan bheith cortha de choíche:

Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu.

Agus d'éigh sé amach: “A Íosa, a mhic Dháiví, bíodh trua agat dom!”

Stad Íosa dá shiúl, agus d'ordaigh é sheoladh chuige. Ar theacht dó ina ghar d'fhiafraigh sé de:

Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: “A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.”

Le linn dó bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.”

D'agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí