Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób.
Agus duine ar bith a labhróidh focal in aghaidh Mhac an Duine, maithfear dó é. Ach duine ar bith a labhróidh in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bhfaighidh sé maithiúnas ann sa saol seo ná sa saol atá le teacht.
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.
An té a bhfuil cluas air, éisteadh sé lena bhfuil á rá ag an Spiorad leis na heaglaisí: An té a bheireann bua tabharfaidh mé dó cuid den mhana folaigh; agus tabharfaidh mé dó cloch gheal agus ainm nua scríofa ar an gcloch, ainm nach fios d'aon duine ach don té a ghlacann é.”
An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.